Mar chontae cois cósta leis an Abhainn Mhór agus an tSiúr chomh maith le go leor eile, bhí ról ollmhór ag an iascaireacht i stair agus i gcuimhní daoine i bPort Láirge. Faraor thug iascairí a mbeatha in iarracht oibriú ar son a slí bheatha agus coinnítear a n-íobairt i gcuimhní cinn na ndaoine a fágadh ina ndiaidh. Is cuid thábhachtach den gheilleagar í an iascaireacht ach is caitheamh aimsire í atá ann le fada chomh maith agus a bhfuil an-tóir uirthi. Tá go leor scéalta le fiosrú agus tú ag iascaireacht i bPort Láirge. B’fhéidir go bhfaighfeá fiú roinnt eolais ar na háiteanna rúnda le teacht ar an iascach maith.